Nuair a bhíonn partial nó part le haistriú i dtéacs neamhfhoirmeálta, ní miste an leagan traidisiúnta leath a úsáid, ach níl sé sách cruinn le haghaidh riachtanais na teanga foirmeálta:
- Leath-thumadh (partial immersion)
- Leath-aisíocaíocht (partial refund)
Bheadh leath díreach ceart dá mba rud é gur semi-immersion nó half repayment a bheadh sa Bhéarla. Ach ba chruinne an réimír páirt a úsáid chun freastal ar leaganacha den chineál sin:
- Páirt-tumadh
- Páirt-aisíocaíocht
Roinn an Post seo: