Is gnách an tríú pearsa uatha firinscneach a chur roimh na míreanna taispeántacha seo, sin, siúd in abairtí mar seo thíos:
- Mar thoradh ar sin, is léamh claonta, easnamhach ar stair, ar shaíocht agus ar pholaitíocht na hÉireann a chuirtear inár láthair. (air sin)
- Scríbhneoir, craoltóir, gníomhaí, ach thar sin uile, é fuinte agus fáiscthe i meon sin ‘Tabhair Faoi’. (thairis sin)
- I leith na bliana reatha agus na bliana roimh sin. (roimhe sin)
- Ar bhinse na bhfear ionad freisin tá Nollaig O Laoire, agus beidh súil le siúd ar pháirc an imeartha Dé Domhnaigh. (leis siúd)
Is fíor nach gcloistear deireadh an fhocail leis nuair a thagann mír thaispeántach dar tosach s ina dhiaidh, mar atá san amhrán An Baile atá Láimh le Siúd. Is fíor fosta gur tháinig ann don choinbhinsiún scríbhneoireachta seo in éagmais treoir chinnte sna foinsí tagartha; ní mhínítear é in áit ar bith, go bhfios domsa. Bíonn leis sin agus le sin le fáil i leaba a chéile sna seanleabhair.
Is minic a théann scríbhneoirí in abar i gcás réamhfhocail chomhshuite a bhfuil míreanna taispeántacha ina ndiaidh:
- Ba de bharr sin a bhaineamar an cluiche. (dá bharr sin)
- Bhí sí le feiceáil ina lán cláracha tar éis sin, agus ansin d’éirigh sí as. (tar a éis sin)
Is réamhfhocail chomhshuite iad de bharr agus tar éis. Is gnách go leanann an tuiseal ginideach a leithéid, mar shampla de bharr na haimsire, tar éis na stoirme. Tá go breá, ach ní féidir na míreanna taispeántacha (sin, seo, siúd) a infhilleadh. Ná ní féidir na forainmneacha (é, iad etc.) a infhilleadh ach oiread.
Caithfear cuimhneamh ar an dá riail seo:
- Más mír thaispeántach atá i gceist, úsáidtear an tríú pearsa uatha firinscneach i gcónaí: dá bharr sin, tar a éis sin, lena linn seo.
- I gcás forainm, glacann an aidiacht shealbhach uimhir agus inscne an fhorainm:
- I ndiaidh + é = ina dhiaidh
- I ndiaidh + í = ina diaidh
- I ndiaidh + iad = ina ndiaidh.