Níl aon locht ar reatha a chur le hainmfhocal chun an chiall láithreach, den lá inniu a chur in iúl, mar shampla cúrsaí reatha, an Taoiseach reatha. Corruair, d’fhéadfaí reatha a fhágáil ar lár gan dochar ar bith do chiall na habairte:
Cháin sé ‘neamhshuim’ an Rialtais reatha. (Mura bhfuiltear ag déanamh comparáid idir an Rialtas sin agus Rialtais a bhí ann roimhe.)
Amanna eile, ba dheise malairt friotail a aimsiú:
Mumbai an t-ainm reatha a thugtar ar an gcathair a dtugtaí Bombay uirthi.
Ba dheise, dar liomsa, an t-athleagan seo:
Inniu, is Mumbai a thugtar ar an gcathair a dtugtaí Bombay uirthi.
Ní aidiacht é reatha, agus ní féidir níos ná is a chur leis chun breischéim ná sárchéim a chur ar fáil:
Faigh an nuacht is reatha ó Pharlaimint na hEorpa inár dteanga dúchais! (an nuacht is déanaí)