Bítear ag aithris ar úsáid an fhocail write sa Bhéarla:
- ‘The House of the Rising Sun’ (amhrán nár scríobh The Animals, dála an scéil)
- Ní fios cé a scríobh an dán seo.
Is é gnás na Gaeilge go mbítear ag cumadh nó ag ceapadh amhrán is dánta. Go deimhin, ní dócha go raibh léamh ná scríobh ag cuid de na daoine a chum amhráin mhóra an tsean-nóis. Agus cuid de na scríobhaithe a bhreac na hamhráin sin síos ar phár, níor chum siad oiread agus véarsa lena linn. Is féidir véarsaí a dhéanamh chomh maith:
Bean tuaithe a bhí ina cónaí le taoibh Loch Aoidh a rinne an t-amhrán.
Roinn an Post seo: