Deirtear le foghlaimeoirí go séimhítear aidiachtaí i ndiaidh ainmfhocail bhaininscneacha san uimhir uatha. Ba cheart a chur ar a súile dóibh gur aidiachtaí aitreabúideacha a shéimhítear. Aidiacht aitreabúideach is ea an focal garbh san abairt seo:
Bhí an oíche gharbh ag dul in olcas. (The rough night was getting worse.)
Ach ní aidiacht aitreabúideach atá ann san abairt seo:
Bhí an oíche garbh, agus bhí sí ag dul in olcas. (The night was rough, and it was getting worse.)
Is aidiacht phreideacáideach (nó aidiacht fhaisnéiseach) é garbh san abairt thuas. Is fusa an dá chineál aidiachta a dhealú ó chéile sa Bhéarla. Is gnách, sa teanga sin, go dtagann an aidiacht aitreabúideach díreach roimh an ainmfhocal atá á cháiliú aici (a rough night) ach go mbíonn bearna éigin idir an t-ainmfhocal agus an aidiacht phreideacáideach. Is minic gurb é an briathar to be a bhíonn sa bhearna sin: The night was rough.
Seans gurb iad na difríochtaí comhréire sin idir an Béarla agus an Ghaeilge a chuireann mearbhall ar scríbhneoirí Gaeilge agus is cúis le botúin mar seo:
Tá an íocaíocht theoranta dóibh siúd nach bhfuil aon fhoinsí ioncaim eile acu. (Tá an íocaíocht teoranta...)
Má bhíonn tú in amhras, aistrigh an abairt go Béarla, féachaint an bhfuil is nó was ag teacht idir an t-ainmfhocal agus an aidiacht.
De réir an CO, ní shéimhítear an aidiacht má tá dobhriathar idir í agus an t-ainmfhocal:
- Léiríonn sonraí eile ó staidéar Harris et al go bhfuil éagsúlacht réasúnta mhór idir scoileanna ó thaobh gnóthachtáil sa Ghaeilge. (éagsúlacht réasúnta mór)
- Tuiscint mheasartha mhaith a ghnóthú ar láimhseáil na mbriathra. (tuiscint measartha maith)
Mionphointe, a déarfadh daoine, ach tá difear céille idir bean millteanach saibhir agus bean mhillteanach shaibhir.
Féach GGBC: 4.2.1 agus an físeán seo ón suíomh www.ceimaraghaidh.ie: An bhliain seo chaite nó an bhliain seo caite?