Seo thíos roinnt nótaí ar mhíthuiscintí coitianta maidir le rialacha an tséimhithe, agus ar dhifríochtaí idir gnásanna canúna agus rialacha an CO.
- An briathar saor. Ní gnách an briathar saor san aimsir chaite shimplí a shéimhiú: Cuireadh an litir sa phost; Níor goideadh rud ar bith; An chaoi ar caitheadh an t-airgead. Is eisceacht air sin na briathra neamhrialta bhíothas, chonacthas, chualathas, chuathas agus thángthas. I gcanúintí áirithe, ní shéimhítear an briathar saor in aimsirí eile, m.sh. an aimsir ghnáthláithreach. Séimhítear de réir an CO, áfach: An t-airgead a chaitear; Foinn a sheinntear go minic.
- Críoch chaol. Is séimhiú lochtach atá i samplaí mar amhránaithe bhreátha, ionsaithe fhíochmhara etc. Is é is cúis leis, sílim, ná míthuiscint i dtaobh samplaí mar leabhair mhóra, pinn dhearga etc. Is amhlaidh a shéimhítear na haidiachtaí sin toisc consan caol a bheith i ndeireadh an ainmfhocail rompu. Is cosúil go mbaintear míbhrí as an méid sin agus go síltear go gcaithfear an aidiacht a shéimhiú má chríochnaíonn an t-ainmfhocal iolra ar ghuta caol. Ní hamhlaidh atá: amhránaithe breátha, ionsaithe fíochmhara.
Roinn an Post seo: