Sa Bhéarla, úsáidtear substantially sa chiall, den chuid is mó, ar an mhórgóir. Tionchar an Bhéarla is cúis leis an abairt lochtach Ghaeilge seo:
Úsáidfear an t-airgead seo go substaintiúil chun tuarastail a íoc.
B'fhearr go mór an t-athleagan seo:
Úsáidfear an chuid is mó den airgead seo chun tuarastail a íoc.
Roinn an Post seo: