Ní i gcónaí a dhéantar dealú idir thóg/tógadh agus thug/tugadh. An chomhchosúlacht fuaime, is dócha, is cúis le leaganacha mar seo:
- Rugadh agus tugadh Dan Dowling i mBéal Feirste. (tógadh)
- I measc mo chaitheamh aimsire tá mé tógtha don sacar agus don scríbhneoireacht. (tugtha)
- Thóg sé céim chun tosaigh. (thug)
Má bhíonn amhras ar scríbhneoirí cé acu tóg nó tabhair a theastaíonn, is furasta an méid sin a sheiceáil in FGB.
Roinn an Post seo: