Ní hannamh a scríobhtar a leithéid seo:
- Cailltear cuid mhór laethanta oibre toisc tinneas.
- Ach toisc ciorruithe a chuirfear i bhfeidhm i scoileanna ar fud na tíre sna míonna romhainn, beidh 83 ag teastáil ar an rolla le bheith incháilithe.
Ní gnách toisc + ainmfhocal a scríobh mar a scríobhfá de bharr nó mar gheall ar. Is cabhair don léitheoir tuilleadh faisnéise a chur leis:
- Cailltear cuid mhór laethanta oibre toisc oibrithe a bheith tinn.
- Ach toisc go bhfuil ciorruithe le cur i bhfeidhm i scoileanna ar fud na tíre sna míonna romhainn, beidh 83 ag teastáil ar an rolla le bheith incháilithe.
Tá sampla amháin de toisc + ainmfhocal in FGB, ach féach go gcuirtear an t-ainmfhocal sa tuiseal ginideach sa struchtúr sin:
toisc na cainte go léir, on account of all the talk
Roinn an Post seo: