Tá droch-chlaonadh ann uile a scríobh áit ar bith a mbeadh all nó every sa Bhéarla:
Bunaíodh an Coimisiún um Athrú Aeráide chun feasacht a mhéadú in earnálacha uile ar na deiseanna agus na dúshláin atá romhainn.
Tá roinnt bealaí ann leis an abairt thuas a chur ina ceart:
- Gach a chur leis an uimhir uatha: i ngach uile earnáil...
- An t-alt a chur leis an uimhir iolra: sna hearnálacha uile...
Roinn an Post seo: