CLEACHTADH 3: ABAIRTÍ FADA A AISTRIÚ

Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

Seo thíos aistriúcháin shamplacha mar aon le nótaí ar na habairtí fada i gCleachtadh 3. Níltear ag maíomh go bhfuil na haistriúcháin gan locht ná nach bhféadfaí leaganacha níos fearr a chur ar fáil.  

(a) Because the visitor didn’t know the city very well, he had to ask for directions so that he could get to the train station by three o’clock.

Toisc nach raibh an cuairteoir in eolas na cathrach go rómhaith, b’éigean dó treoracha a iarraidh/lorg chun go mbainfeadh sé stáisiún na traenach amach faoina trí a chlog.

Is iomaí dúshlán san abairt sin. Is amhlaidh a bhíonn eolas ag daoine ar rudaí. Is amhlaidh a thugann daoine cuairt ar áiteanna. Ach féach cad é a tharlódh dá n-úsáidfí an réamhfhocal ‘ar’ san abairt seo: ‘Toisc nach raibh eolas ag an gcuairteoir ar an gcathair…’ An dtuigfí as sin Because the visitor to the city had no knowledge? Níl ‘Tá mé ina eolas’ chomh coitianta le ‘Tá eolas agam air’ ach cabhraíonn sé linn an débhríocht a sheachaint sa chás seo. Seans nach gá dul chomh fada sin; bheadh ‘Toisc nach raibh mórán eolais ar an gcathair ag an gcuairteoir…’ saor ó dhébhríocht chomh maith.

Tá fadhb bheag uimhreach ann chomh maith. Is minic a bhíonn an uimhir iolra ceilte sa Bhéarla, m.sh. tree felling, product insurance. Bíodh is gur foirm uatha atá ann, tuigtear go bhfuil níos mó ná crann amháin le leagan agus níos mó ná táirge amháin le cur faoi árachas. An stáisiún traenach nó stáisiún traenacha ba cheart a bheith san abairt seo? Is fearr ‘stáisiún traenach’, measaim, nuair nach bhfuiltear lánchinnte den uimhir.

Is minic a dhéanann daoine by three o’clock a aistriú le ‘roimh a trí a chlog’. Ach is ionann sin agus before three o’clock agus ní hé sin go díreach an rud atá san abairt Bhéarla. Is fearr go mór ‘faoina trí a chlog’.

(b) Has anyone seen the three red apples I left on top of the table before I went upstairs to open the bedroom windows?

An bhfaca aon duine na trí úll dhearga a d’fhág mé ar bharr an tábla/an bhoird sula ndeachaigh mé suas staighre chun fuinneoga an tseomra leapa a oscailt?

Dúshláin ghramadaí is mó atá le sárú anseo, m.sh. uimhir agus claochlú tosaigh na haidiachta ‘dearg’. Tá comhréir na habairte simplí go leor. D’fhéadfadh níos mó ná seomra leapa amháin a bheith i gceist le the bedroom windows, ach níl bealach ar bith ag an aistritheoir chun an méid sin a dheimhniú.

(c)  I spoke to the boy whose mother was injured as a result of the accident, but he wasn’t able to give me much information.

Labhair mé leis an mbuachaill ar gortaíodh a mháthair de dheasca na timpiste, ach ní raibh sé in ann mórán eolais a thabhairt dom.

Caithfear an clásal coibhneasta a úsáid mar is ceart chun an abairt sin a aistriú. Coibhneas indíreach a theastaíonn mar tá ‘máthair’ ag tagairt go hindíreach do ‘buachaill’.

(d)  A tourist whose bags were lost by the travel agent’s driver reported the matter to the head office of the company but she was not satisfied with the response given because the company was not willing to accept responsibility for the loss.

Turasóir ar chaill tiománaí an ghníomhaire taistil a cuid málaí, chuir sí an scéal faoi bhráid cheannoifig na cuideachta, ach ní raibh sí sásta leis an bhfreagra a tugadh nuair nach raibh an chuideachta toilteanach freagracht a ghlacadh as an gcaillteanas.

Ba dheacair an abairt thuas a aistriú agus cloí le gnáthleagan amach na habairte Gaeilge, i.e. briathar + gníomhaí. Mar seo a bheadh: ‘Chuir turasóir ar chaill tiománaí an ghníomhaire taistil a cuid málaí an scéal faoi bhráid…’

Bealach eile chuige is ea an briathar cúnta ‘déan’ a úsáid faoi dhó: ‘Rinne turasóir ar chaill tiománaí an ghníomhaire taistil a cuid málaí, rinne sí an scéal a chur faoi bhráid cheannoifig na cuideachta...’

Léiríonn an sampla seo cé chomh tábhachtach is atá sé an abairt iomlán a léamh. Is i lár na habairte a fhaightear amach gur bean atá sa turasóir.

(e)  Only the children who have a note from their parents will be permitted to participate in games during the break at 12 noon each day.

Ní cheadófar ach do pháistí a bhfuil nóta acu óna dtuismitheoirí páirt a ghlacadh sna cluichí le linn an tsosa ar 12 meán lae gach lá.

Is deacair an abairt sin a aistriú má úsáidtear an focal ‘amháin’ chun only a aistriú. Féach an iontráil AMHÁIN ar Cruinneas.

(f)  The wise old lady knew how and where the incident happened more than thirty-five years ago because she had been at work in the butcher’s shop in the town square when it occurred.

Bhí a fhios ag an tseanbhean chríonna cén chaoi agus cén áit ar tharla an teagmhas breis agus cúig bliana is tríocha ó shin mar go raibh sí i mbun a cuid oibre i siopa an bhúistéara i gcearnóg an bhaile tráth a tharla.

An chéad fhadhb ná conas wise old lady a aistriú. Is fíor go bhfuil débhríocht san fhocal ‘críonna’, is é sin gur ‘aosta’ a thuigtear as i bpáirt mhór den tír. B’fhearr liom féin an débhríocht sin ná focal neamhchoitianta éigin mar ‘gaoiseach’ a chur ina áit.

Scríobh mé ‘cén chaoi agus cén áit’ mar is coibhneas indíreach a leanann an dá leagan sin, seachas ‘conas agus cén áit’. Tá cothromaíocht dheas ann ó thaobh na struchtúr gramadaí de.

Seans gurb ait le daoine ‘i mbun a cuid oibre’ nuair a thiocfadh an leagan simplí ‘ag obair’ a scríobh. Ach d’fhéadfadh brí níos leanúnaí a bheith le ‘ag obair sa siopa’, i.e. gur ann a bhí sí fostaithe. Ní heol dúinn go raibh.

Botúin choitianta a dhéanann daoine ná incident a aistriú ionann agus gur accident atá ann agus when it occurred a aistriú le ‘nuair a thit sé amach’. Féach an chuma a chuireann sin ar dheireadh na habairte: ‘mar go raibh sí ag obair i siopa an bhúistéara i gcearnóg an bhaile tráth a thit sé amach.’ Cén duine nó cén rud a thit as an siopa?

(g)  Regarding the matter to which you referred in your letter dated 12 September 2006, we will try to reach a resolution as quickly as possible but it may take some time to complete the investigation of the facts.

Maidir leis an ábhar dá ndearna tú tagairt i do litir dar dáta 12 Meán Fómhair 2006, déanfaimid iarracht teacht ar réiteach a luaithe agus is féidir, ach is féidir go mbeidh tamall de dhíth chun na fíricí go léir a fhiosrú.

(h)  I don’t remember how many times he told me the same story but by the end of the evening I was tired listening to him.

Ní cuimhin liom cé chomh minic is a d’inis sé an t-aon scéal amháin dom ach bhí mé tuirseach ag éisteacht leis faoi dheireadh na hoíche.

Thiocfadh an abairt sin a aistriú ar a lán slite eile, m.sh. an t-ainm teibí céime a úsáid (‘a mhinice a d’inis sé’) nó struchtúr treise éigin a úsáid (‘is mé a bhí tuirseach’). Ní bheadh locht ar bith agamsa ar ‘an scéal céanna’ chun the same story a aistriú, ach is fiú cuimhneamh ar an méid a scríobh Seán Mac Maoláin sa leabhar Lorg an Bhéarla:

Michael and Martin are the same age, and they live on the same street: ‘Tá an aois chéanna ag Micheál agus Máirtín, agus cónaíonn siad ar an tsráid chéanna.’ Níor de ghnás na Gaeilge é ‘céanna’ a úsáid ach le hainmfhocal a mbítí i ndiaidh é a lua cheana féin.

Mhol Mac Maoláin an t-athleagan seo: ‘Is ionann aois do Mhicheál agus do Mháirtín, agus tá siad ina gcónaí san aon sráid.’ Tá tuilleadh nótaí faoi seo san iontráil CÉANNA sa bhunachar Cruinneas.

(i)  Applications are usually made on a standard form which is available on the organisation’s website and will not be processed unless that form, completed in full, is received by the date mentioned in the final paragraph.

Is gnách iarratais a dhéanamh ar fhoirm chaighdeánach atá le fáil ar shuíomh gréasáin na heagraíochta agus ní dhéanfar iad a phróiseáil mura bhfaighfear an fhoirm sin, arna comhlánú go hiomlán, faoin dáta atá luaite sa pharagraf deiridh.

Cé nach cuid den ghnáthchaint é, cabhraíonn an focal ‘arna’ linn teacht slán ar fhadhbanna aimsire san abairt fhada. Tá tuilleadh nótaí faoi úsáid an fhocail san iontráil ARNA in Cruinneas.

(j)  The farmer’s son drank a pint of cold milk before and after eating his lunch in the shade of the trees at the edge of the field in which he was working.

D’ól mac an fheirmeora pionta de bhainne fuar roimh agus i ndiaidh dó a lón a ithe faoi scáth na gcrann ar imeall na páirce ina raibh sé ag obair.

Tá an abairt Bhéarla débhríoch. An é an t-aon phionta bainne amháin a bhí á ól aige roimh a lón agus ina dhiaidh, nó an amhlaidh a d’ól sé dhá phionta, ceann roimh a lón agus ceann eile ina dhiaidh? Níl freagra na ceiste sin le fáil san abairt Bhéarla, agus is mar gheall air sin atá an débhríocht chéanna san aistriúchán Gaeilge.

Úsáideadh an réamhfhocal ‘de’ san aistriúchán le teacht slán ar na conspóidí úsáide a bhaineann le hinfhilleadh ar ainmfhocail éiginnte: ‘pionta bainne fuar’ (Concise English–Irish Dictionary) nó ‘pionta bainne fhuair’ (An Caighdeán Oifigiúil, 2017).

Seans go measfadh léitheoirí ‘de’ a bheith mícheart, agus go gcaithfear ‘pionta bainne’ + ‘fuar’ a chur sa tuiseal ginideach. Is amhlaidh ‘de’ inghlactha toisc gur péire ainmfhocal éiginnte is ea ‘pionta bainne’ atá cáilithe ag an aidiacht ‘fuar.’ Sa chás seo, tá ‘de’ ag feidhmiú mar ‘thabharthach rannaíoch’. Féach Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (alt  9.43):

...[is] gnách an tabharthach rannaíoch [a úsáid] nuair atá téarma cáilithe: punt siúcra ach punt de shiúcra donn; trí phionta bainne ach trí phionta de bhainne milis; nó más sa ghinideach atá an focal cainníochta: spúnóg shiúcra. Ach lán spúnóige de shiúcra.

Roinn an Post seo: